top of page

SHAUNA CARRICK

Scríbhneoir & Cumadóir

Is déantóir amharclainne Éireannach í Shauna agus oibríonn sí mar Scríbhneoir, Cumadóir, agus Stiúrthóir Ceoil in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Tá cáil uirthi mar gheall ar a cuid ceoldrámaí nua, Chromatics agus Tír na nÓg agus is tacadóir mór í le cheoldrámaí nua Éireannach. An misean atá aici ná scéalta dílse na hÉireann a chur chun cinn agus an Ceoldrámaíocht a thabhairt chun tosaigh i saol amharclainne na hÉireann.

 

Le déanaí, d’oibrigh Shauna leis an stiúrthóir Andrew Keates ón West End, ag tabhairt a céad cheoldráma go Londain agus go Baile Átha Cliath i 2018. Taispeánadh a ceoldráma aonair is nuaí, Tír na nÓg i Smock Alley in 2018 agus in The Other Palace i Londain i mí Eanáir 2020, agus i mí Dheireadh Fómhair 2019 chuir sí The Other Chosen One, ceoldráma faoi Neville Longbottom, i láthair ag LeakyCon Boston. Tá roinnt píosaí scríofa aici don amharclann agus faoi láthair tá sí ag obair ar, ar a laghad, sé cheoldrámaí nua anseo agus sa Ríocht Aontaithe. I Londain, freastalaíonn Shauna ar an gceardlann mór le rá Book, Music & Lyrics a reáchtáil David James mar chuid dá rian Cumadóir / Liricí.

 

Oibríonn Shauna go dlúth freisin leis an Mill Theatre i nDún Droma, ag reáchtáil ceardlanna agus cláir ceoldrámaíochta do dhaoine óga, agus faoi láthair tá sí ag forbairt píosa nua amharclainne do leanaí a chuirfear i láthair i 2021 (le cúnamh Dé!).

AIDAN BYRNE

Cumadóir

Is Ceoltóir / Taibheoir / Cumadóir / Il-Uirliseoir é Aidan Byrne ó Chill Chainnigh, Éire ó dhúchas. Ag fás aníos chaith Aidan an chuid is mó dá chuid ama ag busáil ar shráideanna Chill Chainnigh nó i seomra cleachtaidh le banna ceoil nó le haghaidh dráma / ceoil. D'imir sé róil i seónna le Dreamstuff Youth Theatre, Kilkenny Musical Society agus Watergate Theatre Productions.

 

Rinne Aidan staidéar ar Cheol agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Bhí baint mhór aige le Cumainn Ceoldrámaí agus Ceoil araon nuair a bhí sé ann. Chríochnaigh sé a Mháistreacht sa Cheoleolaíocht i UCD freisin.

 

Bronnadh an Scoláireacht Red Alchemy Voice air le Christine Scarry ó Red Alchemy Theatre Company in 2017. 

 

Ó 2018-2020 sheinn sé mar aonréadaí agus mar chuid de bhanna sa Irish Dance Show ar Raglan Road, Disney Springs, Disney World, Orlando, Florida.

 

Anois tá sé ag obair ar amhráin do Thír na nÓg agus ag scaoileadh ceoil faoina thionscadal aonair.

BARRY POWER

Stiúrthóir Ceoil

Tá Barry ag stiúradh seónna go ceolmhar le cúig bliana anuas le cumainn éagsúla. Thosaigh sé ag seinm pianó ag aois 11 agus thóg sé an sacsafón cúpla bliain ina dhiaidh sin. Cé go bhfuil a phost laethúil sna meáin shóisialta faigheann sé am fós chun ceoldrámaí a dhéanamh ar an taobh.

 

Tá sé tar éis roinnt seónna a stiúradh go ceolmhar mar: The Wedding Singer agus The Pajama Game le KIMS, In the Heights and Spring Awakening le UCD Musical Society, Little Shop of Horrors agus Mamma Mia le UCD Dramsoc, Sister Act le Tullyvin MS, agus Chromatics agus Tír na nÓg le Poliwog Theatre Collective. Ghníomhaigh sé freisin mar Stiúrthóir Cúnta Ceoil le haghaidh seónna mar Annie le The Mill Theatre, Cabaret, She Loves Me, agus Jekyll & Hyde le UCD Musical Society, agus Grease le UCD Dramsoc. Chomh maith le stiúradh ceoil bhí sé ag imirt sa log ceolfhoirne le haghaidh roinnt seónna ar nós Legally Blonde agus Singin ’in the Rain le Phoenix Performing Arts College, agus Legally Blonde, A Chorus Line, agus Bonnie & Clyde le UCD Musical Society.

Tá sé thar a bheith sásta a bheith ag obair leis an bhfoireann dochreidte seo chun an scéal seo a thabhairt ar an saol. Sa stíl chlasaiceach Gaeilge na hArdteiste an-bhunúsach, fágfaidh sé an seanfhocal seo duit: - “Tá dhá thaobh le gach scéal”.

KATE McBREARTY

Léiritheoir

Is déantóir amharclainne agus léiritheoir as Luimneach í Kate. Ghnóthaigh Kate MA i gCleachtas agus Léiriúchán Amharclainne ó NUIG in 2020, agus rinne sí intéirneach le Brú Theatre ar a léiriú de Ar Ais Arís. Bhí sí ina rannpháirtí freisin ar chlár SELECTED i bhFéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe in 2020. Ó shin i leith d’oibrigh sí le SQUAD Productions mar léiritheoir agus mar dhearthóir fuaime ar The G Trilogy, triológ de dhrámaí gearra raidió le Robert Downes.

KATHY MOORE

Léiritheoir

Is léiritheoir amharclainne í Kathy ó Baile Átha Cliath. Roimhe seo léirigh sí Chromatics ag an Mill Theatre i 2018 agus Tír na nÓg ag an bhFéile Scene + Heard i 2019. I 2019 chuir Kathy, in éineacht le Shauna, a dtionscadal The Other Chosen One i láthair ag LeakyCon i mBostún, SAM. D'oibrigh Kathy roimhe seo le Selladoor Worldwide ar léiriúcháin mar shampla, Amelie, Falsettos, Avenue Q agus Monopoly Lifesized.

bottom of page